Jump to content

User:Bsnoone92

From Wikipedia, the free encyclopedia

Máirtín Ó Cadháin'

[edit]

Rugadh Máirtín Ó Cadháin ar an gceathrú lá d'Eanair, 1906 i gCnocán Glas, áit bheag taobh amuigh den Spidéal, i gConamara, Contae na Gaillimhe. Bhí sé an chéad pháiste do Shéan Ó Cadháin, feirmeoir agus a bhean chéile, Bhrid Ní Chonfhaola. D’fhreastal Mairtín ar scoil naisiúnta lán buachaillí i Spidéal, an scoil aitiúil a raibh an múinteoir cúnta agus níos déanaí, an príomhoide, Éamon Ó Gógáin ag obair. D'aithin Ó Gógáin go raibh tallann ag Máirtín mar scríobhneoir nuair a raibh Máirtín ann mar dhálta do hÉamon. Mar gheall ar Éamon, fuair Máirtín an seans chun dul go triú leibhéal agus a bheith ina mhúinteoir. Lean Máirtín ar aghaidh lena oideachas agus thosaigh sé ag traenáil mar mhúinteoir thuas i mBaile Átha Cliath.

D’fhreastal Máirtín ar Choláiste Phádraig i Droim Conrach, Baile Átha Cliath sa bhliain 1924. D’éirigh an suim a bhí aige i gcúrsaí litríochta níos láidre nuair a raibh sé ann mar gheall ar an méid foinsí agus litríochta a bhíodh ar fáil do. I 1926, d’fhoilsíodh an chead bailiúchán den ghearrscéal a chum sé. Ina dhiaidh, le linn na tríochaidí, thosaigh sé ag bailliú agus ag foilsiú scéalta béaloidis ona cheantar féin. D’fhoilsigh sé ceithre bhailiúcháin den scéalta béaloidis i rith an ama seo.

Ní rud aisteach ab ea é go raibh spéis ag Máirtín istigh sna scéalta béaloideas. Bhí athair Mháirtín, a seanathair agus a uncail fite fuaite suas leis an stair na háite agus na scéalta béaloidis sa cheantar. Bhí an triur acu aithint mar scéalaithe béaloidis den scoth. Agus cinnte go dtugadh an tradisiún agus na scéalta do Mháirtín nuair a bhí sé ag fasadh suas.

Bhain Máirtín a chéim amach mar mhúinteoir i mí Meithimh, i 1926. Ar dtús, thosaigh Máirtín ag obair mar mhúinteoir taobh amuigh den Ghaillimh ach bhóg sé ar ais arís go dtí an Gaeltacht. Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i nDaighinis agus i gcathair na Gaillimhe, D'oibrigh sé mar phríomhoide sa bhunscoil i gCamus a bhíodh ann, i 1927. Ach i rith an ama seo, cuireadh brú air an post a éirí suas de bharr ar bhallaíocht le hÓglaigh na hÉireann a bhí aige. Mar gheall ar an mballaíocht leis an eagraíocht, cuireadh sa phriosiún é, le linn an dara chogaidh domhanda. Ceithre bhliain tar éis gur tháinig deireadh leis an dara chogaidh domhanda, i 1949, d’fhoilsigh an comhlacht, Sáirséal agus Dill, an chéad úrscéal. Cré na Cille an t-ainm a chur sé ar an úrscéal. Bhí Cré na Cille, ceann amháin den bhailiúchán de thrí úrscéalta a scríobh Ó Cadháin le linn a shaol. Ach bhí sé an t-aon úrscéal a tháinig amach i rith saoil Ó Cadháin.


Cré na Cille

[edit]

Rinne Ó Cadháin léargas ar cheantar Ghaeltachta istigh san úrscéal seo. Chuir sé síos ar na gnéithe a bhfuil is mó bainteach leis an bpobal beag. Mar shampla, go bhfuil aithne ag gach duine ar gach duine eile ach go háirithe, go dtugann cach aird ar aon rud a bhfuil ar siúl istigh sa cheantar beag. Tá a fhios ag an bpobal uillig céard a bhfuil ar siúl idir dhaoine, cén sórt caidhreamh eatarthu agus céard sórt duine thú. Agus tá an gné seo soiléir nuair a bhfuil Catríona Pháidín faoin talamh. Fiú, go bhfuair a chara marbh tamall ó shín, tá sí ag iarraidh fáil amach ó Chatríona an nuacht is déanaí.

Leis an gné seo, tá ceann eile ann chomh maith. Feicimid an staid dhaonna an t-am ar fad tríd an scéil. An rud a bhaint leis an gné seo ná go leanann do phearsanta, do mhothúchán agus gach rud ar aghaidh leat, fiú, go bhfuil tú marbh. Féach ar an gcarachtar, Caitríona Pháidín. Ní mhaith le Caitríona a dheirfiúr, Nell, agus nuair a bhí Catríona beo, ní raibh sí ag iarraidh aon rud ach troid leí. Nuair a fhaigheann Caitríona bás, fós, ní athraíonn aon rud. Níl ach Caitríona ag fanacht ar bhás Nell, agus ansin, beidh sí abalta lean ar aghaidh lena fuath atá aici do Nell.

Cré na Cille suite faoin talamh, bunaithe ar shaol tar éis bháis. Tá na carachtair uillig marbh ach leanann siad ar aghaidh mar a bhíodh siad nuair a raibh siad beo. Bíonn daoine ina gcónaí in aice lena chéile faoin talaimh mar a bhíodh siad thar thalaimh. Is comharsana don saol ar fad iad. I gcónaí, tríd an scéil, bíonn comhra eile ar siúl eatarthu, nach mbaineann leis an scéal. Fanann na daoine eile ar an gcéad duine eile ag teacht anuas chun an cúlchaint is déanaí a thabhairt dóibh faoin saol a bhfuil ar siúl thar thalaimh.

Tá Caitríona Pháidin mar phríomh-charchtar istigh sa scéal. Faigheann an lucht léitheoireachta saol mar a fheiceann sí é. Duine gránna, feargach í nach bhfuil in ann maithiúnas a thabhairt go heasca do dhaoine. Fiú, nuair a bhfuil sí ag labhairt faoin mbean chéile a mac, ní chuireann sí ainm ceart ar an gcailín de bharr nach bhfuil aon mheas aici di nó dona máthair, Nóra Shéanín. Cuireann sí síos ar an mbean chéile Phádraig mar ‘iníon Nóra Shéainín’ agus a máthair mar ‘Nóra na gcósa lofa’. Diútlaíonn Caitríona an fhiric go bhfuil iníon Nóra Shéainín ag glacadh páirt leis an gclann anois.


Ach níos luaithe sa scéal, fuair an lucht léitheoireachta amach rud faoin gcaidreamh seo cheana. Ceapann Catríona gur phós Pádraig an bhean mícheart, agus de réir Caitríona, bheadh a mac níos fearr dá phósfadh sé Meaig Bhriain Mhóir. Mar thoradh den eolas seo, faigheann an lucht an t-eolas nach gceapann Caitríona go bhfuil ‘iníon Nóra Shéainín’ oiriúnach dona mac.

Cosuil le hiníon Nóra Shéainín, ní fhaigheann deirfiúr Chaitríona, Nell, go leor meas uaithi. Nuair a bhfuil Caitríona ag labhairt faoi Nell, tá sé soiléir nach bhfuil a lán grá ag Catríona di. Ceapann Caitríona go mbaineann Nell leas as an ndeirfiúr eile a bhfuil ag an mbeirt, Baba. Cónaíonn Baba i Meiriceá, d'fhág sí blianta ó shín agus ní thagann sí ar ais, ach don chuairt. Chuile uair a thagann sí abhaile, tugann sí bronntanas no airgead do Nell. Leis seo, ceapann Caitríona nuair a fhaigheann Baba bás anois, go bhfaighfidh Nell gach rud uaithi agus nach bhfuil sé tuillte ag Nell ar bith.

Úsáideann Ó Cadháin an carachtar Caitríona, mar radharc a bhí aige ar chine daonna san lá atá inniu. Isigh sa scéal, léiríonn sé nach n-athríonn daoine nó an pearsanta atá acu le linn a saol. Chomh maith, nach bhfuil an acmhainn ag daoine athrú a dhéanamh orthu agus an pearsanta atá acu, ón gcliabhán. Mar gheall ar an gné seo, leiríonn Ó Cadháin go bhfanann ár lagtréithe linn go dtí deireadh ár saol, in ainneoin go bhfaighimid bás tar éis tamaill. San úrscéal, fiú, go bhfuair Caitríona bás, lean a pearsanta agus na creidiúintí ar aghaidh leí go dtí an saol tar éis bháis. D’fhan na lagtréithe le Caitríona agus lean an granna agus an fearg a bhíodh leí ón saol go dtí áit na Cúig Déag, áit a chuireadh í sa reilig. Fiú, má duine in ann a rá, éiríonn an deistín, an fearg, an granna agus an pearsanta searbh is crua níos laidre inti mar gheall nach bhfuil sí in ann smaoineamh a chur ar aon rud eile in ionad na rudaí a tharla di. Tugann sé tacaíocht don chreidiúnt sa Bhéarla ‘A leopard doesn’t change his spots’. Mar gheall go tugann sé le fíos go bhfuil duine in ann a rá gur athraigh siad, ach tiocfaidh na lagtréithe amach arís.

Foinsí

[edit]
  1. https://www.rosg.ie/en/news/Cr_na_Cille_7
  2. http://ainm.ie/Bio.aspx?ID=413
  3. http://www.tcd.ie/Secretary/FellowsScholars/discourses/discourses/2002_C%20O%20Hainle%20on%20M%20O%20Cadhain.pdf
  4. http://www.irishwriters-online.com/o-cadhain-mairtin/
  5. http://www.ricorso.net/rx/az-data/authors/o/OCadhain_M/life.htm
  6. http://www.youtube.com/watch?v=qfdrdBT1ZiY